Iúidit 6:2-8 ABN

2 “Cé thusa, a Aichíór,” ar seisean, “thú féin agus do chuid amhas ó Amón, go mbeifeá ag tabhairt tairngreachtaí uait anseo an saghas ruda atá cloiste againn inniu? Ní ceart cogadh a chur ar Iosrael, an ea? Beidh a nDia ag fóirithint orthu, deir tú?

3 Ach cén dia a chuirfeá i gcomórtas le Nabúcadnazar? Ní gá dó ach a neart a chur i bhfeidhm orthu chun iad a dhíothú de dhroim an domhain, agus ní shábhálfaidh a nDia iad. Sinne, seirbhísigh Nabúcadnazar, buailfimid iad faoi mar nach mbeadh iontu ach fear aonarach amháin i gcoinne nirt ár gcapall. Ní bheidh seasamh iontu.

4 Loiscfimid ina mbeatha iad: cuirfimid sléibhte na tíre ar meisce lena gcuid fola agus líonfaimid na machairí lena gcoirp. Ní bheidh seasamh a gcos acu romhainn: múchadh na gríosaí atá i ndán dóibh! An rí Nabúcadnazar, tiarna an domhain uile, a dúirt é, agus ní bhréagnófar a fhocal!”

5 “Agus tusa, a Aichíór, a tháinig anseo ó Amón ag tuilleamh do choda, is léanmhar duit an lá a scaoil tú an méid sin seafóide asat. Ní fheicfidh tú mo ghnúis-se as seo go dtí an lá a dhéanfaidh mé díoltas ar an ngraimisc teifeach seo ón Éigipt.

6 Nuair a chuirfidh mé chucu, beidh claimhte mo chuid saighdiúirí agus sleánna mo ghardaí trí do dhá thaobh, agus tú tite i measc a ngoinfear d'Iosrael.

7 Tabharfaidh mo ghiollaí suas sna sléibhte thú, agus cuirfidh siad thú i gceann de na bailte atá ar an tslí suas.

8 Beidh an méid sin faoisimh agat ón mbás go dtí go ndíothófar thú in aon mhaidhm leo.