5 “Agus tusa, a Aichíór, a tháinig anseo ó Amón ag tuilleamh do choda, is léanmhar duit an lá a scaoil tú an méid sin seafóide asat. Ní fheicfidh tú mo ghnúis-se as seo go dtí an lá a dhéanfaidh mé díoltas ar an ngraimisc teifeach seo ón Éigipt.
6 Nuair a chuirfidh mé chucu, beidh claimhte mo chuid saighdiúirí agus sleánna mo ghardaí trí do dhá thaobh, agus tú tite i measc a ngoinfear d'Iosrael.
7 Tabharfaidh mo ghiollaí suas sna sléibhte thú, agus cuirfidh siad thú i gceann de na bailte atá ar an tslí suas.
8 Beidh an méid sin faoisimh agat ón mbás go dtí go ndíothófar thú in aon mhaidhm leo.
9 Ach ar ndóigh, tá dóchas i do chroíse nach ngabhfar iad; ní gá aon cheann faoi a bheith ort mar sin! Sea; tá raite agam! Ní bhréagnófar aon fhocal dá ndúirt mé.”
10 Agus d'ordaigh Holofarnaes do na giollaí a bhí thart timpeall air ina bhoth breith ar Aichíór agus é ardú leo go Béitiúilia agus é thabhairt do mhuintir Iosrael.
11 Ghabh na giollaí é agus thógadar leo amach as an gcampa é. Ansan thugadar a gcúl don mhachaire agus a n‑aghaidh ar na sléibhte, go dtángadar go dtí na toibreacha uisce atá laistíos de chathair Bhéitiúilia.