8 Beidh an méid sin faoisimh agat ón mbás go dtí go ndíothófar thú in aon mhaidhm leo.
9 Ach ar ndóigh, tá dóchas i do chroíse nach ngabhfar iad; ní gá aon cheann faoi a bheith ort mar sin! Sea; tá raite agam! Ní bhréagnófar aon fhocal dá ndúirt mé.”
10 Agus d'ordaigh Holofarnaes do na giollaí a bhí thart timpeall air ina bhoth breith ar Aichíór agus é ardú leo go Béitiúilia agus é thabhairt do mhuintir Iosrael.
11 Ghabh na giollaí é agus thógadar leo amach as an gcampa é. Ansan thugadar a gcúl don mhachaire agus a n‑aghaidh ar na sléibhte, go dtángadar go dtí na toibreacha uisce atá laistíos de chathair Bhéitiúilia.
12 Ní túisce a thug gardaí na cathrach thuas faoi deara iad ná rugadar ar a gcuid arm agus amach leo go dtí barr na fána agus gach fear orthu a raibh crann tabhaill aige, bhí sé ag gabháil de chlocha síos orthu, i dtreo nár fhéadadar aon chor a thabhairt aníos.
13 D'fhanadar ar foscadh thíos ag bun an chnoic mar sin, fad a bhí cuibhreacha á gcur ar Aichíór acu. Ansan d'fhágadar caite ansin é, agus abhaile leo go dtí a máistir.
14 Ar ball, bhí muintir Iosrael anuas as an mbaile, agus nuair a thángadar chomh fada leis, bhaineadar na cuibhreacha de. Suas leo go dtí Béitiúilia ansin agus thugadar os comhair mhaoir an bhaile é.