1 An lá ina dhiaidh sin, d'ordaigh Holofarnaes dá arm go léir agus do na cathláin iasachta a tháinig leo sa slógadh bogadh as an gcampa i dtreo Bhéitiúilia. An chéad rud a bhí le déanamh sa chogadh seo i gcoinne chlann Iosrael ná bheith rompu agus greim a fháil ar na conairí suas go dtí na sléibhte.
2 Ghluaiseadar leo an lá céanna, gach fear san arm sin a raibh troid ann - céad seachtó míle acu ar a gcois agus dhá mhíle dhéag ar mhuin capaill agus a gcuid trealaimh ina ndiaidh agus an slua mór coisithe a lean é.
3 Suas an gleann i gceantar Bhéitiúilia a chuadar, chomh fada le tobar atá ann, agus bhíodar leata amach ó Dhótán go Bealbáim, agus ag síneadh ó Bhéitiúilia siar go dtí Cúamón atá ag féachaint síos amach ar Easdraelón.
4 Thit an lug ar an lag ar mhuintir Iosrael nuair a chonaiceadar a raibh ann díobh. Bhí gach duine acu ag rá leis an bhfear in aice leis: “Bánóidh siad seo an tír fúthu agus uathu! Na sléibhte arda agus na cumair agus na cnoic conas a sheasfaidh siad faoina bhfuil ag brú anuas orthu?”
5 Thógadar chucu a gcuid arm agus lasadar tinte ar na túir agus thugadar an oíche sin ar fad ag faire.
6 An lá ina dhiaidh sin thug Holofarnaes a chuid marcach ar fad amach os comhair na nIosraelach a bhí i mBéitiúilia.