11 Anois, a thiarna, seachain nach cath riartha a chuireann tú orthu. Ní gá go dtitfeadh oiread agus fear amháin de do shlua;
12 fan i do champa anseo agus coinnigh do chuid saighdiúirí slan - gach fear acu. Faighimisne, do ghiollaí, greim ar an bhfuarán uisce atá ag brúchtaíl amach ag bun an chnoic:
13 as san a fhaigheann pobal Bhéitiúilia uile a gcuid uisce. Cloífidh an tart iad agus géillfidh siad an baile. Rachaimidne agus ár gcuid fear in airde ar bheanna na gcnoc is giorra dóibh agus fanfaimid faoi airm ann ag faire. Mar sin, ní fhéadfaidh duine acu éalú as an mbaile,
14 agus caillfear leis an ocras iad, agus a gcuid ban agus páistí ina dteannta. Sínfear marbh iad sa tsráid ina gcónaíonn siad, gan aon chlaíomh a theacht ina dtreo.
15 Bainfidh tú díoltas dian amach orthu thar ceann an dúshláin a thugadar duit, in ionad teacht chugat go síochánta.”
16 Thaitin an chaint seo le Holofarnaes agus lena raibh timpeall air, agus d'ordaigh sé go ndéanfaí mar a bhí ráite acu.
17 Ghluais buíon de mhuintir [Mhóáb] chun cinn agus cúig mhíle de shaighdiúirí Asaíreacha ina dteannta. Suas isteach sa ghleann leo agus ghabhadar na srutháin agus na fuaráin uisce a bhíodh á n‑usáid ag muintir Iosrael.