Iúidit 7:18-24 ABN

18 Ag an am céanna ghluais cuid de mhuintir Éasáu agus Amón agus rinneadar a gcampa thuas sna sléibhte os comhair Dhótán. As sin chuireadar roinnt dá gcuid fear soir ó dheas os comhair Eicribil atá in aice le Chús ar bhruach abhann Mochmúr. Rinne an chuid eile d'arm na nAsaíreach campa sa mhachaire, lán an mhachaire acu - aon lear de bhothanna agus de threalamh, agus slua mór groí acu féin.

19 Ghlaoigh clann Iosrael os ard ar an Tiarna, a nDia, agus an misneach ag teipeadh orthu, mar bhí a naimhde go léir mórthimpeall orthu anois, agus gan deis éalaithe fágtha acu.

20 Ar feadh ceithre lá tríochad d'fhan arm mór na hAsaíre timpeall orthu - coisithe agus carbaid agus capaill. Chuaigh na prócaí uisce go léir i ndísc ar mhuintir Bhéitiúilia uile;

21 agus na sistéil faoi thalamh féin, níorbh fhada go mbeidís folamh. Ní raibh a sáith le hól acu aon lá anois, mar ní thugtaí ach an áirithe sin uisce amach do gach duine.

22 Bhí a gcuid leanaí ag cnaí, agus a gcuid ban agus ógánach ag dul i laige le teann tarta. Thitidís agus iad ag gabháil sráideanna an bhaile nó ag dul amach na geataí, gan aon neart fágtha iontu a thuilleadh.

23 Tháinig muintir an bhaile go léir timpeall ar Uizíá agus na maoir eile - an t‑aos óg agus na mná agus na leanaí féin, agus míle murdar astu ansin os comhair na seanóirí go léir.

24 “Mhaise, go maithe Dia daoibh é,” ar siad, “nach ndéanfadh sibh síocháin leis na hAsaírigh, in ionad an donas a thabhairt anuas orainn!