22 Bhí a gcuid leanaí ag cnaí, agus a gcuid ban agus ógánach ag dul i laige le teann tarta. Thitidís agus iad ag gabháil sráideanna an bhaile nó ag dul amach na geataí, gan aon neart fágtha iontu a thuilleadh.
23 Tháinig muintir an bhaile go léir timpeall ar Uizíá agus na maoir eile - an t‑aos óg agus na mná agus na leanaí féin, agus míle murdar astu ansin os comhair na seanóirí go léir.
24 “Mhaise, go maithe Dia daoibh é,” ar siad, “nach ndéanfadh sibh síocháin leis na hAsaírigh, in ionad an donas a thabhairt anuas orainn!
25 Nach bhfeiceann sibh nach bhfuil aon chabhair fágtha againn agus nach bhfuil Dia féin dár gcosaint anois: táimid caite chucu aige, agus gan i ndán dúinn ach an tart is an t‑angar go mbeimid sínte marbh os a gcomhair.
26 Féach, glaoigí isteach anois láithreach iad agus tugaigí an baile go léir mar chreach do mhuintir Holofarnaes agus dá arm!
27 Sclábhaíocht a bheadh i ndán dúinn, ach b'fhearr titim chucu mar chreach agus bheith beo ná bheith ag féachaint ar ár gclann ag fáil bháis lenár súile cinn, agus ár gcuid ban is naíonán i ndeireadh na dé.
28 Mura ndéantar seo inniu, tá an spéir agus an talamh á nglaoch againn mar fhínnéithe in bhur n‑aghaidh - tá, agus Dia féin, tiarna ár sinsear, atá ag agairt ár bpeacaí agus peacaí ár n‑aithreacha orainn.”