28 Mura ndéantar seo inniu, tá an spéir agus an talamh á nglaoch againn mar fhínnéithe in bhur n‑aghaidh - tá, agus Dia féin, tiarna ár sinsear, atá ag agairt ár bpeacaí agus peacaí ár n‑aithreacha orainn.”
29 Agus scairt an cruinniú sin amach le chéile, ag olagón in ard a gcinn, agus gach béic astu chun an Tiarna Dia.
30 Labhair Uizíá leo. “Misneach, a dhaoine!” ar seisean. “Féach: fanfaimid cúig lá eile agus beidh an Tiarna, ár nDia, chugainn lena chineáltas. Ní chaithfidh sé uaidh ar fad sinn, cinnte.
31 Ach mura mbíonn aon chabhair chugainn i gceann na gcúig lá sin, déanfaidh mé mar a dúirt sibh.”
32 Agus scaoil sé uaidh na daoine, gach duine acu chun a áite féin. Chuaigh na fir in airde ar na múrtha agus na túir, agus chuireadar abhaile chun a dtithe a gcuid ban agus leanaí. Agus is iad a bhí in umar na haimiléise sa bhaile sin.