3 Suas an gleann i gceantar Bhéitiúilia a chuadar, chomh fada le tobar atá ann, agus bhíodar leata amach ó Dhótán go Bealbáim, agus ag síneadh ó Bhéitiúilia siar go dtí Cúamón atá ag féachaint síos amach ar Easdraelón.
4 Thit an lug ar an lag ar mhuintir Iosrael nuair a chonaiceadar a raibh ann díobh. Bhí gach duine acu ag rá leis an bhfear in aice leis: “Bánóidh siad seo an tír fúthu agus uathu! Na sléibhte arda agus na cumair agus na cnoic conas a sheasfaidh siad faoina bhfuil ag brú anuas orthu?”
5 Thógadar chucu a gcuid arm agus lasadar tinte ar na túir agus thugadar an oíche sin ar fad ag faire.
6 An lá ina dhiaidh sin thug Holofarnaes a chuid marcach ar fad amach os comhair na nIosraelach a bhí i mBéitiúilia.
7 Scrúdaigh sé na bealaí suas isteach don bhaile, chuaigh timpeall na dtoibreacha uisce agus ghabh seilbh orthu. D'fhág sé garda ina dhiaidh ar gach tobar acu, agus d'fhill sé ar an slua.
8 Ar ball, bhí chuige taoisigh chlann Éasáu, agus oifigigh uile chathláin Mhóáb agus ceannairí an chósta thiar.
9 “A thiarna linn,” ar siad, “más é do thoil é, éist le focal uainn, agus ní baol aon bhriseadh ar d'arm.