9 “A thiarna linn,” ar siad, “más é do thoil é, éist le focal uainn, agus ní baol aon bhriseadh ar d'arm.
10 Ní ar neart a gcuid sleánna atá an mhuintir seo Iosrael ag brath ach ar bheanna arda na gcnoc ina bhfuil siad ina gcónaí. Mar ní aon dóichín le dreapadh iad na beanna céanna.
11 Anois, a thiarna, seachain nach cath riartha a chuireann tú orthu. Ní gá go dtitfeadh oiread agus fear amháin de do shlua;
12 fan i do champa anseo agus coinnigh do chuid saighdiúirí slan - gach fear acu. Faighimisne, do ghiollaí, greim ar an bhfuarán uisce atá ag brúchtaíl amach ag bun an chnoic:
13 as san a fhaigheann pobal Bhéitiúilia uile a gcuid uisce. Cloífidh an tart iad agus géillfidh siad an baile. Rachaimidne agus ár gcuid fear in airde ar bheanna na gcnoc is giorra dóibh agus fanfaimid faoi airm ann ag faire. Mar sin, ní fhéadfaidh duine acu éalú as an mbaile,
14 agus caillfear leis an ocras iad, agus a gcuid ban agus páistí ina dteannta. Sínfear marbh iad sa tsráid ina gcónaíonn siad, gan aon chlaíomh a theacht ina dtreo.
15 Bainfidh tú díoltas dian amach orthu thar ceann an dúshláin a thugadar duit, in ionad teacht chugat go síochánta.”