1 Bhí bean darbh ainm Iúidit, agus ní gan fhios di a tharla eachtraí na haimsire sin. Maráraí ab ainm dá hathair - Maráraí mac Ócs, mac Iósaef, mac Uizíéil, mac Eilcíá, mac Anainias, mac Ghideon, mac Rofaím, mac Aichítiúb, mac Eilíá, mac Cheilcís, mac Eilíáb, mac Natanael, mac Shalaimíéil, mac Sharasadaí, mac Iosrael.
2 Bhí sí pósta le Manaise, fear dá treibh agus dá muintir féin, ach cailleadh é i bhfómhar na heorna.
3 Is amhlaidh a bhí sé amuigh sa ghort ag déanamh maoirseachta ar cheangal na bpunann, agus ghoin an brothall a cheann. Thug sé an leaba air féin agus níor tháinig sé aisti beo. I mBéitiúilia, a bhaile dúchais, a cailleadh é, agus i reilig a shinsear, idir Dótán agus Balamón, a cuireadh é.
4 Trí bliana agus ceithre mhí roimhe seo a tharla sin, agus an fad sin, saol na baintrí a bhí á chaitheamh ag Iúidit sa bhaile ina teach féin.
5 Bhí seomra breise tógtha aici ar dhíon an tí di féin. Chaitheadh sí sacéadach faoina coim, agus éide bhaintrí thairis.
6 D'fhan sí ar troscadh ó cailleadh a fear, ach amháin lá na sabóide agus an lá roimhe, féile na nuaghealaí agus an lá roimpi sin, agus laethanta deabhóide nó gairdis a chomóradh náisiún Iosrael le chéile.