13 Ag cur trialach ar an Tiarna uilechumhachtach atá sibh; ach beidh sibh aineolach go deo.
14 Ní éireoidh libh doimhneas croí an duine a thomhas, ná breith a thabhairt ar na smaointe atá ina cheann; conas mar sin a thiocfaidh sibh suas leis an Dia a rinne na rudaí seo go léir, nó eolas a chur ar a aigne, nó a mhachnamh a thuiscint? Faire, faire, a dheartháireacha: ná bígí ag cur feirge ar an Tiarna bhur nDia!
15 Tharlódh nár thoil leis teacht i gcabhair orainn laistigh de na cúig laethanta, ach tá ar a chumas aige sinn a chumhdach aon fhad laethanta is maith leis, nó, chomh maith, sinn a dhíothú os comhair ár naimhde.
16 Ach ná bígíse ag tabhairt bannaí ar rúin ár nDé, mar ní féidir cur ar Dhia mar a chuirfeá ar dhuine, ná rud a leagan amach dó mar a dhéanfá le mac an duine.
17 Fanaimis mar sin le slánú uaidh, agus iarraimis air cabhrú linn; tabharfaidh sé aird ar ár nguth, más toil leis é.
18 Tar éis an tsaoil, lenár linn-ne agus inniu féin, níl aon treibh ná teaghlach ná sráidbhaile ná cathair dár gcuidne a chuaigh ag adhradh déithe de dhéantús daoine.
19 Dhéantaí a leithéid sin fadó, agus sin a thug an claíomh agus an chreach ar ár sinsir, agus a thug anuas chun raice roimh a naimhde iad.