16 Ach ná bígíse ag tabhairt bannaí ar rúin ár nDé, mar ní féidir cur ar Dhia mar a chuirfeá ar dhuine, ná rud a leagan amach dó mar a dhéanfá le mac an duine.
17 Fanaimis mar sin le slánú uaidh, agus iarraimis air cabhrú linn; tabharfaidh sé aird ar ár nguth, más toil leis é.
18 Tar éis an tsaoil, lenár linn-ne agus inniu féin, níl aon treibh ná teaghlach ná sráidbhaile ná cathair dár gcuidne a chuaigh ag adhradh déithe de dhéantús daoine.
19 Dhéantaí a leithéid sin fadó, agus sin a thug an claíomh agus an chreach ar ár sinsir, agus a thug anuas chun raice roimh a naimhde iad.
20 Ach ní aithnímidne aon dia ach eisean; nach dtugann sin dóchas dúinn nach súil dhúnta a thabharfaidh sé orainn ná ar aon duine dár gcine?
21 “Agus rud eile: má ghabhtar sinne, tiocfaidh an scrios céanna ar Iúdáia uile, agus slad ar an Teampall naofa. Sinne a chaithfidh freagairt [lenár bhfuil] as an truailliú sin.
22 Bíodh go mbeimid inár sclábhaithe in áit éigin i gcéin i measc na nginte, orainn a éileoidh Dia éiric ár mbráithre a bheidh marbh, agus ár dtíre a bheidh faoi chois, agus ár n‑oidhreachta a bheidh bánaithe. Núis agus náire a fheicfidh ár máistrí ionainn.