22 Bíodh go mbeimid inár sclábhaithe in áit éigin i gcéin i measc na nginte, orainn a éileoidh Dia éiric ár mbráithre a bheidh marbh, agus ár dtíre a bheidh faoi chois, agus ár n‑oidhreachta a bheidh bánaithe. Núis agus náire a fheicfidh ár máistrí ionainn.
23 Ní aon dea-mhéin a thuillfidh ár sclábhaíocht dúinn mar sin ach an aithis. Sin mar a réiteoidh an Tiarna, ár nDia, é.”
24 “Anois, a dheartháireacha liom, tugaimis dea-shampla don chuid eile, mar is orainne a bhraitheann a mbeo - sea, agus an Teampall naofa, idir áras agus altóir, chomh maith leo.
25 Ar shlí, cuis chun bheith buíoch don Tiarna, ár nDia, is ea ár gcás. Táimid faoi thriail aige anois. Ach nár chuir sé triail ar ár n‑aithreacha chomh maith?
26 Cuimhnigí ar a ndearna sé d'Abrahám agus na trialacha a chuir sé ar Íosác, agus ar tharla do Iacób i Measpatáim na Síre agus é i bhfeighil caorach a uncail, Lábán.
27 Dílse a gcroí a bhí á promhadh aige agus an céasadh sin á chur orthu aige. Mar sin linne: ní díoltas an cruatan seo atá á chur orainn ag an Tiarna, ach ceacht á mhuineadh aige do mhuintir a pháirte.”
28 Uizíá a d'fhreagair í. “As dea-chroí amach a tháinig gach focal dá bhfuil ráite agat,” ar seisean. “Ní fhéadfadh aon duine é a bhréagnú.