27 Dílse a gcroí a bhí á promhadh aige agus an céasadh sin á chur orthu aige. Mar sin linne: ní díoltas an cruatan seo atá á chur orainn ag an Tiarna, ach ceacht á mhuineadh aige do mhuintir a pháirte.”
28 Uizíá a d'fhreagair í. “As dea-chroí amach a tháinig gach focal dá bhfuil ráite agat,” ar seisean. “Ní fhéadfadh aon duine é a bhréagnú.
29 Ná ní inniu a tháinig an chiall amach ionat; riamh ó laethanta d'óige d'aithníodh an pobal ar fad an tuiscint a bhí agat, agus an croí geal ina theannta.
30 Ach bhí na daoine spallta leis an tart, an dtuigeann tú, agus chuireadar iallach orainn déanamh mar a bhí ráite againn leo, fiú, mionn a thabhairt, mionn nach bhféadfaimid dul siar air anois.
31 Guigh ar ár son, ó tá an chráifeacht ionat. Tá seans go gcuirfidh an Tiarna tuile bháistí chugainn a líonfaidh na sistéil dúinn agus go mbeidh deireadh lenár laigíocht.”
32 “Éistigí liom anois,” arsa Iúidit leo. “Táimse chun gníomh a dhéanamh a bheidh á insint d'aos óg ár gcine ó ghluin go glúin.
33 Bígíse ag an ngeata anocht. Rachadsa amach agus mo bhanseirbhíseach le mo chois. Ghlac sibhse rún an baile a ghéilleadh dár naimhde tar éis an áirithe sin laethanta; ní bheidh na laethanta sin istigh nuair a dhéanfaidh an Tiarna beart d'Iosrael tríomsa.