3 Is amhlaidh a bhí sé amuigh sa ghort ag déanamh maoirseachta ar cheangal na bpunann, agus ghoin an brothall a cheann. Thug sé an leaba air féin agus níor tháinig sé aisti beo. I mBéitiúilia, a bhaile dúchais, a cailleadh é, agus i reilig a shinsear, idir Dótán agus Balamón, a cuireadh é.
4 Trí bliana agus ceithre mhí roimhe seo a tharla sin, agus an fad sin, saol na baintrí a bhí á chaitheamh ag Iúidit sa bhaile ina teach féin.
5 Bhí seomra breise tógtha aici ar dhíon an tí di féin. Chaitheadh sí sacéadach faoina coim, agus éide bhaintrí thairis.
6 D'fhan sí ar troscadh ó cailleadh a fear, ach amháin lá na sabóide agus an lá roimhe, féile na nuaghealaí agus an lá roimpi sin, agus laethanta deabhóide nó gairdis a chomóradh náisiún Iosrael le chéile.
7 B'álainn an bhean ina pearsa í, bean a thógfadh do shúil. Chomh maith, bhí aici fós an méid a d'fhág a fear, Manaise, aici - ór agus airgead, buachaillí agus cailíní aimsire, ba agus talamh.
8 Agus bhí an dea-theist uirthi i mbéal gach aon duine, mar fíoruamhan Dé ba stiúir bheatha dhi.
9 Chuala Iúidit i dtaobh ar tharla - an ganntanas uisce agus an lagmhisneach a thug ar mhuintir an bhaile labhairt mar sin go searbh leis an maor, agus an freagra a thug Uizíá orthu, gur gheall sé dóibh faoi bhrí na mionn go dtabharfadh sé an baile suas do na hAsaírigh i gceann cúig lá.