33 Bígíse ag an ngeata anocht. Rachadsa amach agus mo bhanseirbhíseach le mo chois. Ghlac sibhse rún an baile a ghéilleadh dár naimhde tar éis an áirithe sin laethanta; ní bheidh na laethanta sin istigh nuair a dhéanfaidh an Tiarna beart d'Iosrael tríomsa.
34 Ná fiafraígí díom cad táim chun a dhéanamh; ní inseoidh mé daoibh cad tá ar siúl agam go dtí go mbeidh sé déanta.”
35 “Seo leat faoi shíocháin,” arsa Uizíá agus maoir an bhaile léi, “agus go soirbhí an Tiarna Dia duit an scéim díoltais seo ar ár naimhde.”
36 Ní dúradh a thuilleadh. D'fhágadar an seomra agus abhaile leo go dtí a ngnóthaí féin.