Iúidit 8:6-12 ABN

6 D'fhan sí ar troscadh ó cailleadh a fear, ach amháin lá na sabóide agus an lá roimhe, féile na nuaghealaí agus an lá roimpi sin, agus laethanta deabhóide nó gairdis a chomóradh náisiún Iosrael le chéile.

7 B'álainn an bhean ina pearsa í, bean a thógfadh do shúil. Chomh maith, bhí aici fós an méid a d'fhág a fear, Manaise, aici - ór agus airgead, buachaillí agus cailíní aimsire, ba agus talamh.

8 Agus bhí an dea-theist uirthi i mbéal gach aon duine, mar fíoruamhan Dé ba stiúir bheatha dhi.

9 Chuala Iúidit i dtaobh ar tharla - an ganntanas uisce agus an lagmhisneach a thug ar mhuintir an bhaile labhairt mar sin go searbh leis an maor, agus an freagra a thug Uizíá orthu, gur gheall sé dóibh faoi bhrí na mionn go dtabharfadh sé an baile suas do na hAsaírigh i gceann cúig lá.

10 Chuir sí an seirbhíseach mná a bhí i bhfeighil a cuid gnóthaí aici ag triall ar Uizíá agus Chaibris agus Chairmis, ag iarraidh orthu teacht chuici.

11 “Éistigí, sibhse atá os cionn phobal Bhéitiúilia,” ar sise leo nuair a bhíodar tagtha. “Ba lag an mhaise daoibh a ndúirt sibh leis an bpobal inniu, agus an margadh sin a rinne sibh le Dia gur gheall sibh an baile a thabhairt suas dár naimhde mura dtiocfaidh an Tiarna i gcabhair arís orainn laistigh den áirithe sin laethanta.

12 Cé sibhse, an dóigh libh, agus a rá gur thug sibh dúshlán Dé mar sin inniu, agus go bhfuil sibh do bhur gcur féin in airde os a chionn agus clann an duine ag féachaint oraibh?