Iúidit 8:8-14 ABN

8 Agus bhí an dea-theist uirthi i mbéal gach aon duine, mar fíoruamhan Dé ba stiúir bheatha dhi.

9 Chuala Iúidit i dtaobh ar tharla - an ganntanas uisce agus an lagmhisneach a thug ar mhuintir an bhaile labhairt mar sin go searbh leis an maor, agus an freagra a thug Uizíá orthu, gur gheall sé dóibh faoi bhrí na mionn go dtabharfadh sé an baile suas do na hAsaírigh i gceann cúig lá.

10 Chuir sí an seirbhíseach mná a bhí i bhfeighil a cuid gnóthaí aici ag triall ar Uizíá agus Chaibris agus Chairmis, ag iarraidh orthu teacht chuici.

11 “Éistigí, sibhse atá os cionn phobal Bhéitiúilia,” ar sise leo nuair a bhíodar tagtha. “Ba lag an mhaise daoibh a ndúirt sibh leis an bpobal inniu, agus an margadh sin a rinne sibh le Dia gur gheall sibh an baile a thabhairt suas dár naimhde mura dtiocfaidh an Tiarna i gcabhair arís orainn laistigh den áirithe sin laethanta.

12 Cé sibhse, an dóigh libh, agus a rá gur thug sibh dúshlán Dé mar sin inniu, agus go bhfuil sibh do bhur gcur féin in airde os a chionn agus clann an duine ag féachaint oraibh?

13 Ag cur trialach ar an Tiarna uilechumhachtach atá sibh; ach beidh sibh aineolach go deo.

14 Ní éireoidh libh doimhneas croí an duine a thomhas, ná breith a thabhairt ar na smaointe atá ina cheann; conas mar sin a thiocfaidh sibh suas leis an Dia a rinne na rudaí seo go léir, nó eolas a chur ar a aigne, nó a mhachnamh a thuiscint? Faire, faire, a dheartháireacha: ná bígí ag cur feirge ar an Tiarna bhur nDia!