Iúidit 9:2-8 ABN

2 “A Thiarna, a Dhia Shimeon mo dhuine sinsir, fadó chuir ginte masla agus náire agus aithis ar mhaighdean. Scaoil siad a crios agus nocht a ceathrúna agus d'éignigh a broinn. Ach chuir tusa claíomh i láimh Shimeon chun díoltais orthu. Bhí tú tar éis a rá: ‘Ná déantar seo,’

3 agus féach go ndearnadar é. Mar gheall air sin thug tú a gcuid taoiseach suas d'eirleach, agus d'ordaigh tú díol fola ar an leaba a raibh smál a gcuid fill uirthi, agus threascair tú idir íseal is uasal díobh, fiú an t‑uasal ar a chathaoir ríoga.

4 D'ordaigh tú a gcuid ban a dhul mar chreach, agus a gcuid iníonacha mar sclábhaithe, agus a gcuid maoine uile a roinnt ar chine do pháirte, an mhuintir ar dhíograis dóibh do chúis agus ar ghráin leo an aithis sin ar a sliocht, agus gur chugat a ghlaodar ag iarraidh cabhrach.”“A Dhia, a Dhia liom, éist liomsa leis, ar baintreach mé.

5 Tusa faoi deara seo go léir, agus ar tháinig roimhe agus a dtiocfaidh as: tusa a cheap gach a bhfuil ann anois agus gach a dtiocfaidh. Na rudaí a mheabhraigh tusa, tharla siad;

6 na rudaí ba mhian leat, bhíodar chugat agus ‘Féach! táimid anseo,’ ina mbéal acu. An bóthar a ghabhann tú, bíonn sé ceaptha roimh ré; bíonn súil romhat agus breith á tabhairt agat.”

7 “Féach na hAsaírigh seo i mbarr a mustair - iad ag maíomh as a bhfuil de chapaill agus de mharcaigh acu, agus ag déanamh mórtais as neart a gcoisithe. An sciath is an tsleá is an bogha is an crann tabhaill is ábhar muiníne dóibh, mar tá siad dall air seo - gur tusa an Tiarna a chuireann cogaí faoi do chois.

8 An Tiarna is ainm duit!”“Cloíghse an neart sin acu le do chumhacht: glac fearg agus bris a gcuid fórsaí. Mar tá sé de rún acu do thearmann naofa a shárú agus an taibearnacal mar a lonnaíonn d'ainm glórmhar a thruailliú, agus maise d'altóra a threascairt leis an gclaíomh.