Iúidit 9:4-10 ABN

4 D'ordaigh tú a gcuid ban a dhul mar chreach, agus a gcuid iníonacha mar sclábhaithe, agus a gcuid maoine uile a roinnt ar chine do pháirte, an mhuintir ar dhíograis dóibh do chúis agus ar ghráin leo an aithis sin ar a sliocht, agus gur chugat a ghlaodar ag iarraidh cabhrach.”“A Dhia, a Dhia liom, éist liomsa leis, ar baintreach mé.

5 Tusa faoi deara seo go léir, agus ar tháinig roimhe agus a dtiocfaidh as: tusa a cheap gach a bhfuil ann anois agus gach a dtiocfaidh. Na rudaí a mheabhraigh tusa, tharla siad;

6 na rudaí ba mhian leat, bhíodar chugat agus ‘Féach! táimid anseo,’ ina mbéal acu. An bóthar a ghabhann tú, bíonn sé ceaptha roimh ré; bíonn súil romhat agus breith á tabhairt agat.”

7 “Féach na hAsaírigh seo i mbarr a mustair - iad ag maíomh as a bhfuil de chapaill agus de mharcaigh acu, agus ag déanamh mórtais as neart a gcoisithe. An sciath is an tsleá is an bogha is an crann tabhaill is ábhar muiníne dóibh, mar tá siad dall air seo - gur tusa an Tiarna a chuireann cogaí faoi do chois.

8 An Tiarna is ainm duit!”“Cloíghse an neart sin acu le do chumhacht: glac fearg agus bris a gcuid fórsaí. Mar tá sé de rún acu do thearmann naofa a shárú agus an taibearnacal mar a lonnaíonn d'ainm glórmhar a thruailliú, agus maise d'altóra a threascairt leis an gclaíomh.

9 Féach an sotal seo acu agus tar sa mhullach anuas orthu le d'fhearg. Neartaigh lámh na baintrí seo don ghníomh atá beartaithe agam.

10 Trí chluain mo bheol, tabhair bascadh ar an sclábhaí i dteannta an duine uasail acu, ar an duine uasal i dteannta a gharda. Cloígh an t‑éirí in airde seo acu le tréithláimh mná.