9 Féach an sotal seo acu agus tar sa mhullach anuas orthu le d'fhearg. Neartaigh lámh na baintrí seo don ghníomh atá beartaithe agam.
10 Trí chluain mo bheol, tabhair bascadh ar an sclábhaí i dteannta an duine uasail acu, ar an duine uasal i dteannta a gharda. Cloígh an t‑éirí in airde seo acu le tréithláimh mná.
11 Ní ionann do neartsa agus neart na sluaite; ní cumas gaiscíoch do chumas-sa. Ní hea - tusa Dia na mbochtán, agus cosantóir a bhfuil faoin mbráca, agus taca na lag; is tú tearmann a bhfágtar gan chabhair agus slánaitheoir a mbíonn gan dóchas.”
12 “Ó a Dhia, a Dhia mo shinsir, a Dhia a bhí riamh ag Iosrael, a Thiarna neimhe agus talún, a chruthaigh na huiscí fadó, a Rí na cruinne uile, éist le mo ghuí.
13 Cuir i mo bhéal an focal mealltach a bheidh mar chneá is mar ghoin orthu seo, a bhfuil díol dian beartaithe acu i gcoinne do chonartha agus d'árais naofa agus cnoic Shíón agus an tí atá ag do chlann.
14 Sa tslí sin, léirigh do do mhuintir uile agus do gach cine ar domhan gur tusa Dia; gur leat gach cumhacht is cumas, agus gur tú amháin is dídean do phobal Iosrael.”