Míocá 1 ABN

Teideal

1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.

Breith an Tiarna ar a Phobal

Daorbhreith ar an tSamáir

2 Éistigí, a phobala uile;cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann.Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidhnuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.

3 Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaitheagus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne.

4 Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosamar chéir os comhair na tinenó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.

5 De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léirde dheasca pheaca theaghlach Iosrael.Agus céard é coir Iacóib?Nach í an tSamáir í?Agus céard é peaca theaghlach Iúdá?Nach í Iarúsailéim í?

6 Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir,áit a chuirfear faoi fhíniúna.Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleannnó go nochtfar an bhunsraith.

7 Brisfear a dealbha uile;dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine;déanfaidh mé smidiríní dá híola uile.Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iadagus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.

Caoineadh

8 Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagónagus a rachaidh mé cosnochta lomagus a mbéicfidh mé ar nós na seacálagus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.

9 Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna],óir d'aimsigh sé Iúdáagus bhain sé amach geata mo phobailagus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.

10 Ná fógraígí é seo i nGat;ná siligí deora [i mBáca];déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá!

11 Séidigí an stoc,a áitritheoirí Shaifír!Ní bhogann áitritheoirí Zánánamach as a mbaile.Tá Béit Eizéil faoi bhrón;tógfar uait gach taca.

12 Conas is féidir le háitritheoirí Mhárótbheith ag súil lena slánú;mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarnafad le geataí Iarúsailéim féin.

13 Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid,a áitritheoirí Láicís!(Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón;óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)

14 Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat.Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amachina n‑ábhar meallta do ríthe Iosrael.

15 Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh,a áitritheoirí Mháraeiseá.Scriosfar Adulám go deoar nós ghlóir Iosrael.

16 Bearr thú féin agus lom do chuid gruaigemar gheall ar do chlann mhac ionúin.Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh;óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7