Míocá 2 ABN

Daortar Lucht an tSaibhris

1 Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóideagus ag beartú oilc ar a leaba.Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iadmar is acmhainn dóibh é.

2 Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad;cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu;déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach;creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

3 Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo:Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilcnach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh;ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feastaa dhonacht is a bheidh an uain.

4 An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo:“Táimid scriosta go hiomlán;tá fearann mo phobail á thomhas le dorúagus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo;tá ár gcuid talún á roinnt amach.”

5 Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibhchun dorú a leagan daoibhar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.

Aighneas idir an Fáidh agus na Peacaigh

6 “Ná déanaigíse praeitseáil” - sin é a bpraeitseáil siúd -“Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo;ní thógfar an náire chun siúil go deo.”

7 An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib?An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna?An é sin an rud is nós leis a dhéanamh?Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sélena phobal féin Iosrael?

8 Mar sin féin, ní sibhse mo phobal;éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde;baineann sibh a fhallaing den duine síochántaagus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.

9 Díbríonn sibh bantracht mo phobailamach as a dtithe breáthaagus baineann sibh dá leanaían gradam a bhronn mise orthu.

10 “Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo].Ní ionad sosa daoibhse é seo!”Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthuar rudaí suaracha.

11 Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréagagus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí”- sin é an sort duine a bheadh ina fháidhag na daoine seo.

Athchruinniú Iosrael

12 Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir;baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile;déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobhmar chaoirigh i locnó mar thréad ar féarachsa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.

13 Ag gluaiseacht rompu amachbeidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh.Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd.Gabhfaidh an rí rompu;is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7