2 Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc,a stróiceann an craiceann de dhaoineagus a bhaineann an fheoil dá gcnámha,
3 a alpann feoil mo phobail;is a bhaineann a gcraiceann díobh;a bhriseann a gcnámhaagus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcánnó mar chonablach i gcoire.
4 Éifidh siad ar an Tiarna an uair sinach ní thabharfaidh sé freagra orthu;folóidh sé a aghaidh orthude bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.
5 Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithea chuireann mo phobal ar seachrán;fad a bhíonn rud éigin le cogaintacu fógraíonn siad síocháinach fearann siad cogadh naofa ar an ténach gcuireann dada ina mbéal.
6 Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh;ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh;clúdóidh an dorchadas sibhagus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta.Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáitheagus dorchóidh an lá orthu.
7 Ansin beidh náire ar na físitheagus ceann faoi ar an lucht fáistine.Clúdóidh siad a mbéalmar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.
8 Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht(agus de spiorad an Tiarna)agus de cheart agus de mhisneachchun a choir a thaispeáint do Iacóbagus a pheaca a léiriú do Iosrael.