8 Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht(agus de spiorad an Tiarna)agus de cheart agus de mhisneachchun a choir a thaispeáint do Iacóbagus a pheaca a léiriú do Iosrael.
9 Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib,a thaoiseacha theaghlach Iosrael,a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart,a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht,
10 a thógann Síón le fuilagus Iarúsailéim le héigeart.
11 De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas;múineann a sagairt ar thuarastalagus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal.Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarnaagus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc?Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”
12 Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíónagus fothrach de Iarúsailéimagus ardán crannach de Shliabh an Teampaillmar gheall oraibhse.