1 Titfidh sé amach san am atá le teachtgo mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna airos cionn na sléibhteagus go dtógfar níos airde ná na cnoíc é.Tiocfaidh na ciníocha ina sruth go dtí é.
2 Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna,go teach Dhia Iacóib,chun go múine sé dúinn a shliteagus go siúlaimis a bhealaí.Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”
3 Beidh smacht aige ar na ciníochaagus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal atá i bhfad i gcéin,agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina socanna céachtaagus a sleánna ina gcorráin.Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
4 Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúinagus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.