2 Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna,go teach Dhia Iacóib,chun go múine sé dúinn a shliteagus go siúlaimis a bhealaí.Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”
3 Beidh smacht aige ar na ciníochaagus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal atá i bhfad i gcéin,agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina socanna céachtaagus a sleánna ina gcorráin.Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
4 Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúinagus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.
5 Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidhin ainm a dhé féinach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.
6 An lá sin - a deir an Tiarna,cruinneoidh mé na caoirigh bhacacha;baileoidh mé na cinn a ruaigeadh chun fáinagus na cinn ar thug mé drochíde dóibh.
7 Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agamagus déanfaidh mé náisiún láidirden mhuintir atá tuirseach traochta.Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíónas seo amach agus go deo.
8 Agus tusa, a thúir an tréada,a chnocáin iníon Shíón,tiocfaidh chugat ar aisan tiarnas a bhí agat tráthagus ríúlacht iníon Iarúsailéim.