9 Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois?Nach bhfuil aon rí agat?An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoirsa chaoi gur ghabh arraingeacha thúmar bhean ina leaba luí seoil?
10 Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón,mar bhean ina leaba luí seoil.Óir beidh ort imeacht as an gcathair anoisagus cur fút faoin tuath.Rachaidh tú go dtí an Bhablóinach slánófar ann thú.Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thúó lámha do naimhde.
11 Tá a lán náisiúnag cruinniú le chéile i d'aghaidh anois.Deir siad: “Go dtruaillítear íionas go bhfeicfidh ár súile féin bascadh Shíón.
12 Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarnaagus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún;mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéilemar phunanna ar urlár buailte.
13 Éirigh, a iníon Shíón,agus déan an bualadh.Tabharfaidh mé adharca iarainnagus crúba cré-umha duitchun go mbascfaidh tú mórán ciníochaagus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarnaagus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.
14 [Gearr thú féin anois, a iníon chogúil]táthar tar éis léigear a chur orainnagus breitheamh Iosraela bhualadh sa leiceann le slat.