2 Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iadgo dtí go mbéarfar mac di siúd,a bhfuil tinneas clainne uirthi,ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
3 Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréadtrí chumhacht an Tiarnaagus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.Mairfidh siad go slán sábháiltemar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.
4 Beidh sé féin ina údar síochána;nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír,nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha,músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.
5 Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomhagus dúiche Niomrod le treise lainne.Fuasclóidh sé sinn ón Asaírmá thagann siad isteach inár dtír,fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.
6 Agus beidh fuílleach Iacóibi measc a lán náisiúnmar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarnanó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas.Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear;ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.
7 Beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún(i measc a lán pobal),mar leon i measc ainmhithe na foraoisenó mar liopard i measc tréada caorach.Nuair a théann sé thart gabhann sé de chosa ina chreachagus stróiceann sé as a chéile íagus ní sciobfar uaidh í go deo.
8 Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d'eascairdeagus díothófar do naimhde go léir.