7 Ar mhaith leis na mílte reithenó deich míle de shruthanna ola?An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta,toradh mo choirp in éiric peacaí m'anama?”
8 Míníodh duit, a dhuine, céard is maithagus céard a iarrann an Tiarna ort.Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh,buanghrá a chothúagus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.
9 Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair(is den chríonnacht d'ainm a eaglú).Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,
10 An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórachagus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?
11 An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairtar lucht na scálaí éagothromaagus an mhála de mheáchain mhealltacha?
12 a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigeanagus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag(is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).
13 Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadhagus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí.