11 Tá an lá a n‑atógfar do bhallaí ag teacht;an lá sin leathnófar do chríocha.
12 An lá sin tiocfar chugatón Asaír go dtí an Éigipt,ón Tuír go dtí an Abhainn,ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.
13 Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáisde dheasca a ndrochghníomhartha.
14 Seol do phobal chun féaraigh le do bhata,an tréad atá ina oidhreacht agat,a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta.Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileádmar a mbídís san am fadó.
15 [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.
16 Feicfidh na náisiúin iadagus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht.Cuirfidh siad a lámha lena mbéalagus beidh bodhaire ina gcluasa.
17 Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe,ar nós péisteanna na talún.Tiocfaidh siad amach as a ndúntaagus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.