13 Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáisde dheasca a ndrochghníomhartha.
14 Seol do phobal chun féaraigh le do bhata,an tréad atá ina oidhreacht agat,a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta.Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileádmar a mbídís san am fadó.
15 [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.
16 Feicfidh na náisiúin iadagus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht.Cuirfidh siad a lámha lena mbéalagus beidh bodhaire ina gcluasa.
17 Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe,ar nós péisteanna na talún.Tiocfaidh siad amach as a ndúntaagus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.
18 Cén Dia atá cosúil leatsa?Óir tógann tú peacaí chun siúilagus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta;ní buan í do chuid feirgeagus is áil leat an buanghrá.
19 Déanfaidh tú trócaire orainn arís;gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaíagus caithfidh tú ár gcionta go léiristeach i nduibheagán na farraige.