2 Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír;níl aon fhear ionraic i measc an phobail;bíonn siad go léir in oirchill na folaagus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
3 Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh;bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannachagus is féidir an breitheamh a cheannach le breabagus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin.Mo chreach! Camann siad an dlí.
4 Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu;is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu.Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teachtagus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
5 Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana;ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde.Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.
6 Óir tugann an mac easonóir dá athairagus éiríonn an iníon suas in aghaidh a mátharagus an banchliamhain in aghaidh máthar a céileagus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.
7 Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath;cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoiragus éistfidh mo Dhia liom.
8 Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa;fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.