4 Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu;is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu.Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teachtagus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
5 Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana;ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde.Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.
6 Óir tugann an mac easonóir dá athairagus éiríonn an iníon suas in aghaidh a mátharagus an banchliamhain in aghaidh máthar a céileagus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.
7 Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath;cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoiragus éistfidh mo Dhia liom.
8 Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa;fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.
9 Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna- mar pheacaigh mé ina choinne -go dtí go n‑agraíonn sé mo chúisagus go seasann sé ceart dom.Treoróidh sé mé chun an tsolaisagus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.
10 Feicfidh mo namhaid é seoagus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa:“Cá bhfuil do Dhia?”Bainfidh mé lán na súl aisti;gabhfar de chosa inti anoismar lathach na sráideanna.