9 ‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t‑aingeal a bhí ag caint liom.
10 Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’
11 Thug siadsan an tuairisc seo d'aingeal an Tiarna a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail, á rá: ‘Táimid tar éis cuairt an domhain a thabhairt agus tá an domhan go léir faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.’
12 Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’
13 D'fhreagair an Tiarna an t‑aingeal a bhí ag caint liom le briathra cneasta sólásacha.
14 Mar sin de dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: ‘Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón;
15 ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.