Zacairia 4 ABN

An Crann Solais agus an Dá Ológ

1 D'fhill an t‑aingeal a bhí ag caint liom agus dhúisigh sé mé mar a dhúisítear duine as a chodladh.

2 “Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.

3 In aice leis tá dhá chrann ológ, ceann amháin ar an taobh deas de agus ceann eile ar an taobh clé.”

4 Labhair mé ansin leis an aingeal a bhí ag caint liom, á cheistiú: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”

5 Mar fhreagra air sin dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise leis.

Zarubáibil agus Atógáil an Teampaill

6 Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt:Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil:“Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.

7 Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”

8 Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:

9 “Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé.

10 Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.”“Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”

11 Labhair mé leis arís, á rá: “Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.”

12 Labhair mé leis aon uair amháin eile agus dúirt: “Cad iad an dá chraobh olóige seo a dhoirteann an ola tríd an dá phíopa óir?”

13 “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” ar seisean liom. “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise.

14 Dúirt sé ansin: “Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14