Zacairia 13 ABN

1 “Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d'áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.

Scriosfar Íola agus Fáithe Bréige

2 “Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.

3 Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.

4 “Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d'fhonn daoine a mhealladh.

5 Déarfaidh gach duine díobh: ‘Ní fáidh ar bith mise ach fear a shaothraíonn an talamh; óir, bhí talamh i mo sheilbh agam ó m'óige.’

6 Agus má fhiafraítear de: ‘Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?’ freagróidh sé: ‘Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.’ ”

An Claíomh: An tIarmhar

7 “Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire,in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,”a deir Tiarna na Slua.“Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad!Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.

8 Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,”a deir Tiarna na Slua,“go gciorrófar agus go ndísceofardhá thrian den phobal,ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.

9 Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine;glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead;promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór.Glaofaidh siad ar m'ainmagus tabharfaidh mé freagra orthu.Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’;agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14