1 Iarraigí fearthainn ar an Tiarnai séasúr fhearthainn an earraigh;óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne.Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibhagus cuirfidh sé féar ag fási bpáirc an uile dhuine.
2 Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh,agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa;bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoiseagus ag tabhairt sóláis bhréige.Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorachagus iad á gcrá cheal aoire.
3 Tá mo chuid feirge ar lasadhin aghaidh na n‑aoiríagus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe.Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairtar a thréad, ar theaghlach Iúdá,agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.
4 Is uaidh a thiocfaidhan chloch chúinne agus an pionna botha,an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.
5 I dteannta a chéile beidh siad mar laochraa shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath.Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo,agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill,cuirfear raon maidhme orthu.