6 Neartóidh mé teaghlach Iúdáagus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef.Seolfaidh mé ar ais arís iad,mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh,agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad;óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.
7 Beidh muintir Eafráim ina ngaiscígh,agus cuirfear áthas ar a gcroí faoi mar a bheidís ag ól fíona.Feicfidh a gclann mhac é seoagus beidh lúcháir orthu mar gheall airagus déanfáidh a gcroíthe gairdeas sa Tiarna.
8 Ligfidh mé fead orthuagus cruinneoidh mé iad le chéile;óir, táim tar éis iad a fhuascailt.Agus beidh siad chomh líonmharagus a bhí siad riamh.
9 Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún;ach cuimhneoidh siad ormi dtíortha atá i bhfad i gcéin.Tógfaidh siad a gclann iontuagus fillfidh siadsan ar ais.
10 Tabharfaidh mé abhaile ón Éigipt iadagus cruinneoidh mé iad ón Asaír.Seolfaidh mé isteach i nGileád agus sa Liobáin iad,agus fiú amháin ansin ní bhfaighfear slí go leor dóibh.
11 Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipteagus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibhagus rachaidh an Níl ar fad i ndísc.Buailfear an t‑uabhar as an Asaíragus tógfar an ríshlat ón Éigipt.
12 Neartóidh mé sa Tiarna iadagus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm,a deir an Tiarna.