1 Oscail do gheataí, a Liobáin,chun go loiscfidh an tine do chéadrais.
2 Déan olagón, a chufróg;óir, tá an céadras tar éis titim,agus tá na mórchumhachtaí basctha.Déan olagón, a dharacha Bháiseán;óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.
3 Éist le holagón na n‑aoirí;óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte.Éist le búiríl na leon óg;óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.
4 Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: “Beathaigh an tréad atá le marú.”
5 Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.
6 Óir, ní bheidh trua agam d'áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.
7 Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.