6 Óir, ní bheidh trua agam d'áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.
7 Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.
8 In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.
9 “Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.”
10 Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal.
11 Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.
12 Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d'airgead geal.