8 Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.
9 “Ar an lá sin, tá sé beartaithe agam na náisiúin uile a thiocfaidh in aghaidh Iarúsailéim a dhísciú.
10 “Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.
11 Ar an lá sin, déanfar caoineadh mór in Iarúsailéim cosúil leis an gcaoineadh a dhéantar ar son Hadad Rimeon ar mhá Mhigideo.
12 Agus déanfaidh an tír caoineadh,gach teaghlach ar leith:muintir theaghlach Dháiví ar leith,agus a mná leo féin;muintir theaghlach Nátán ar leith,agus a mná leo féin;
13 muintir theaghlach Léiví ar leith,agus a mná leo féin;teaghlach Shimeí ar leith,agus a mná leo féin;
14 na teaghlaigh eile go léir,gach teaghlach ar leith,agus a mná leo féin.