14 Beidh Iúdá féin ag troid in Iarúsaléim agus cruinneofar le chéile saibhreas náisiúin uile na comharsanachta: ór agus airgead agus éadaí, go flúirseach fairsing.
15 Agus an phlá a bhuailfidh na capaill agus na miúileanna agus na camaill agus gach beithíoch eile sna campaí seo, beidh sí cosúil leis an bplá eile úd.
16 Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.
17 Má bhíonn ceann ar bith de chlanna an domhain ann nach rachaidh suas go Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh, ní thitfidh aon bháisteach orthu.
18 Mura dtagann muintir na hÉigipte suas chun dul isteach inti, titfidh an phlá sin orthu lenar bhuail an Tiarna na náisiúin (nár tháinig suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh).
19 Sin é an pionós a chuirfear ar an Éigipt agus ar na náisiúin go léir nach dtiocfaidh suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.
20 Ar an lá sin, beidh “Coisricthe don Tiarna” greanta ar chloig na gcapall; agus beidh na potaí cócaireachta atá i dTeampall an Tiarna ar aon chéim leis na babhlaí croite atá os comhair na haltóra.