2 Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.