5 Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.
6 Ar an lá sin, ní bheidh aon solas ann ar dtús, ach fuacht agus sioc.
7 Ach lá ar leith a bheidh ann - mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.
8 Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith.
9 Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.
10 Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.
11 Ní dhéanfar scrios uirthi níos mó agus beidh daoine ina gcónaí in Iarúsailéim faoi shíocháin.