11 Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin,tusa a chonaíonn sa Bhablóin;
12 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua,an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil,i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh:- óir aon duine a bhaineann libhse,baineann sé le himreasc a shúile -
13 Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh,agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu.Beidh a fhios agaibhse ansingurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.
14 Abair amhrán agus déan gairdeas,a iníon Shíón;óir, féach, táimse ag teachtchun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna.
15 Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin;beidh siad ina bpobal aige,agus cónóidh sé in bhur measc,agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Sluaa chuir chugat mé.
16 Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá,mar a chomhroinn féin sa talamh naofa,agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair.
17 Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna;óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.