6 “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.”
7 Ansin d'fhan an t‑aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige
8 agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.
9 ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”
10 Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh,a deir an Tiarna,óir táim tar éis sibhse a scaipeadhfaoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.
11 Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin,tusa a chonaíonn sa Bhablóin;
12 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua,an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil,i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh:- óir aon duine a bhaineann libhse,baineann sé le himreasc a shúile -