1 D'ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach scrolla ag eitilt.
2 “Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Feicim scrolla ar eitilt,” arsa mise, “tá sé fiche banlámh ar fad agus deich mbanlámh ar leithead.”
3 Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse.
4 Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”
5 Thaispeáin an t‑aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: “Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.”