5 Thaispeáin an t‑aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: “Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.”
6 “Cad é seo?” arsa mise. “Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,” ar seisean. Ansin dúirt sé: “Is é seo [an t‑olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.”
7 Ardaíodh an clúdach luaidhe den bhairille ansin agus bhí bean ina suí istigh ann.
8 “Is í seo an Urchóid,” ar seisean agus sháigh sé síos sa bhairille í agus theann sé an clúdach luaidhe ar a bhéal.
9 D'ardaigh mé mo shúile ansin agus cad a chonaic mé ach beirt bhan ag nochtadh chugainn agus an ghaoth ag séideadh faoina sciatháin - óir, is amhlaidh a bhí sciatháin acu cosúil le sciatháin na coirre báine. Thóg siad an bairille suas idir an talamh agus an spéir.
10 “Cá bhfuil an bairille á thabhairt acu?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom.
11 “Go dtí tír na Sionáire,” ar seisean liom, “chun teampall a thógáil dó ann. Nuair a bheidh sé ullamh dó, cuirfear síos ar a bhonn féin é.”